Cur síos ar na blianta a chaith sé ag iascaireacht nuair a phill sé na bhaile as Albain. Tús lena chuid iascaireachta, d’imir sé cluiche, Crown and Anchor ar oileán Árainn Mhóir agus bhain sé cúpla céad punt. Cheannaigh sé bád ó fhear ar an oileán. Cur síos ar an dóigh a cheannaigh sé an bád agus ar na daoine a dhíol an bád leis. Thug sé amach go tír mór í ach ní raibh mórán eolais aige féin ar an iascaireacht, chuaigh sé ag cuardach fir ach bhí deacrachtaí aige iad a fháil. Cur síos ar seo agus ar an iascaireacht scadáin. Shaothraigh siad a mbeatha as. Bhí craic mhaith acu. Bhí ceannaitheoirí ag teacht ansin ag ceannach an éisc. £2 an crann a bhí siad ag fáil, bhí 4 bhascaed sa chrann. Ní raibh airgead mór ann. Chuir na bháid mhóra deireadh leis an iascaire beag. Ganntannas scadáin agus an chúis leis. Dhíoladh siad an t-iasc in Ailt an Chorráin. Ag tabhairt lódaí éisc ar shiúl ar leoraí. | 00:11:47 | |